Fuarthas iarratas faoin Scéim Buníocaíochta Scéim na Limistéar Srianta Nádúrtha (LSN) i mo Roinn ón duine a ainmnítear an 14 Aibreán 2015. Eisíodh réamhíocaíocht don duine maidir leis an Scéim Buníocaíochta, agus tá socruithe i bhfeidhm chun an íocaíocht chomhardaithe a eisiúint chomh maith.
Faoi Scéim na LSN 2015, tá ar iarratasóirí incháilithe íosdlús stocála 0.15 aonad beostoic a chomhlíonadh ar feadh tréimhse choinneála seacht mí i ndiaidh a chéile agus 0.15 aonad beostoic, ar an meán, a choimeád, a ríomhtar i gcaitheamh 12 mhí bhliain na Scéime. Níor eisíodh an íocaíocht faoi scéim na LSN sa chás seo, mar gheall, ag an tráth seo, níor shásaigh an gabháltas atá i gceist riachtanais íosdlús stocála na scéime. Bhí teagmháil dhíreach ag oifigeach ó mo Roinn leis an duine a ainmnítear chun é a chur ar an eolas ar na saincheisteanna nár réitíodh go fóill.