Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 December 2015

Tuesday, 1 December 2015

Questions (253)

Éamon Ó Cuív

Question:

253. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi scéim na limistéar srianta nádúrtha agus faoin scéim buníocaíochta do 2015 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42472/15]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas faoin Scéim Buníocaíochta Scéim na Limistéar Srianta Nádúrtha ón duine a ainmnítear an 25 Bealtaine 2015. Tá próiseáil an iarratais ar bun faoi láthair. Ar chríochnú an phróisis seo, déanfar athbhreithniú breise ar an iarratas ag féachaint le híocaíocht a eisiúint go díreach do chuntas ainmnithe bainc an duine a ainmnítear ag an dáta is luaithe is féidir.

Top
Share