Sheol an duine a ainmnítear iarratas faoin Scéim Buníocaíochta/Scéim na Limistéar Srianta Nádúrtha 2015 (ANC) chuig mo Roinn an 29 Bealtaine, 2015. Eisíodh íocaíocht faoi Scéim an ANC go díreach le cuntas ainmnithe bainc an duine a ainmnítear.
Faoin Scéim Buníocaíochta, níor deimhníodh go raibh aon teidlíochtaí ag an duine a ainmnítear agus, dá bhrí sin, níl aon íocaíocht ag dul dó faoin Scéim seo. Tugann taifid na Roinne le fios gur ghlac an duine a ainmnítear seilbh ar an uimhir thréada an 11 Deireadh Fómhair 2013, ach níor ghabh ceart leithdháilte leis an uimhir thréada seo chun teidlíochtaí a fháil faoin Scéim Buníocaíochta 2015. Níor sheol an t-iar-úinéir tréada iarratas faoin Scéim Buníocaíochta 2013 ar aghaidh, agus is gá seo a dhéanamh chun ceart uathoibríoch a dheimhniú chun teidlíochtaí nua a fháil faoin Scéim Buníocaíochta.
Déanfaidh mo Roinn teagmháil leis an duine a ainmnítear go díreach ag féachaint le hiarratas a sheoladh ar aghaidh ar leithdháileadh teidlíochtaí faoin Scéim Buníocaíochta 2016.