Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 9 December 2015

Wednesday, 9 December 2015

Questions (84)

Éamon Ó Cuív

Question:

84. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi scéim na limistéar faoi shriantacht nádúrtha do 2015 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44333/15]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas faoi Scéim na Limistéar Srianta Nádúrtha ón duine a ainmnítear an 28 Aibreán, 2015. Tugadh próiseáil an iarratais seo chun críche go hiomlán agus eiseofar íocaíochtaí go luath do chuntas bainc ainmnithe an duine a ainmnítear.

Top
Share