Éamon Ó Cuív
Question:154. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén polasaí atá aige i leith seirbhísí sláinte ar na hoileáin amach ón gcósta; cad atá déanta aige maidir leis an bpolasaí sin a chur i bhfeidhm; cad iad na socruithe atá déanta aige lena chinntiú go mbeidh altra lánaimseartha cónaithe ar Oileán Chléire, Co. Chorcaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44503/15]
View answer