Skip to main content
Normal View

Scéim Tacaíochta Teaghlaigh

Dáil Éireann Debate, Thursday - 10 December 2015

Thursday, 10 December 2015

Questions (234)

Pearse Doherty

Question:

234. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sí sonraí faoin tacaíocht atá á cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do chomhlacht i nDún na nGall (sonraí tugtha) agus gníomhaíochtaí an chomhlachta curtha ar fionraí go sealadach le déanaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44502/15]

View answer

Written answers

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil réimse tacaíochtaí - deontais caipitil agus margaíochta den chuid is mó - curtha ar fáil acu don chomhlacht atá luaite ag an Teachta ó bunaíodh an comhlacht in 2008. Tuigim ón Údarás go bhfuil deontas de €219,742 íoctha acu leis an gcomhlacht, go bhfuil foirgneamh ar léas ag an gcomhlacht ón Údarás agus go bhfuil naonúr fostaithe ar an meán ag an gcomhlacht thar na tréimhse seacht mbliana sin. Tuigim ón Údarás fosta go ndearna an comhlacht cinneadh le gairid deireadh a chur le trádáil go sealadach de bharr treoir atá faighte aige ó OPITO (Offshore Petroleum Industry Training Organization), an eagraíocht a dhéanann teastasú ar roinnt de chúrsaí oiliúna an chomhlachta. De réir mar a thuigim ón Údarás, thug OPITO treoir don chomhlacht ag deireadh mí na Samhna deireadh a chur láithreach leis na cúrsaí creidiúnaithe OPITO atá á dtairiscint agus á reáchtáil ag an gcomhlacht.

Tuigim ón Údarás go bhfuil gach iarracht á déanamh ag an gcomhlacht féin teacht ar réiteach ar an gceist seo. Tá teagmháil rialta idir an tÚdarás agus an comhlacht ar an ábhar. Déanfaidh an tÚdarás gach gur féidir leis, taobh istigh de na scéimeanna tacaíochta atá ar fáil dó, le tacú leis an gcomhlacht chun réiteach a fháil ar na deacrachtaí seo.

Top
Share