Rinneadh suirbhé ar an scoil a bhfuil an Teachta ag déanamh tagairt di in 2005 agus measadh nach raibh dóthain comhchruinnithe de dhaltaí faoi mhíbhuntáiste le bheith curtha san áireamh in DEIS. Tar éis achomharc a bheith déanta ag an scoil chuig an bhforas athbhreithnithe neamhspleách in 2006, deimhníodh leis an leibhéal míbhuntáiste nár ghá an scoil a chur san áireamh.
B'fhéidir go bhfuil an Teachta ar an eolas freisin go bhfuil próiseas le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gClár DEIS ar siúl faoi láthair ag mo Roinn. Tá an próiseas seo ar siúl le linn thréimhse na scoilbhliana reatha agus déanfar na saincheisteanna uile a bhaineann le míbhuntáiste oideachais a mheas d'fhonn bonn eolais a chur faoi threoir pholasaí amach anseo sa réimse tábhachtach seo. Agus an próiseas seo ar siúl, níl i gceist agam aon athruithe a dhéanamh ar an gclár reatha.