Tá áthas orm a rá go bhfuil sé i gceist go leanfaí ag íoc cúnaimh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge don bhliain atá romhainn. Agus cúinsí airgid mar a bhí, tá ríméad orm fosta go raibh ar chumas mo Roinne an deontas a íoctar a choinneáil ag an ráta céanna le cúpla bliain anuas. Ní miste a lua, ar ndóigh, go bhfuil aon airgead a shaothraíonn na teaghlaigh saor ó chain. Ní chuirtear san áireamh ach oiread é agus iarratais ar éileamh íocaíochta leasa shóisialaigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí á meas. Caithfear a chur san áireamh freisin gur coláistí príobháideacha iad na coláistí Gaeilge agus go n-íocann siad táille breise leis na teaghlaigh atá níos airde ná an deontas a íocann mo Roinn. Ar ndóigh, tá ról fíor-thábhachtach ag na coláistí Gaeilge samhraidh i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tá mo Roinn ag tabhairt gach cúnamh agus is féidir dóibh chun an ról sin a chur i gcrích, go háirithe maidir le forbairt áiseanna agus cóiríochta sa Ghaeltacht.