Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (147)

Éamon Ó Cuív

Question:

147. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Airgeadais cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5823/16]

View answer

Written answers

Is é líon iomlán na foirne atá fostaithe ar fhoireann na Roinne ar an 31ú lá Márta ná 280. Tá líon breise, 12 duine, ar iasacht ag an Roinn ó Ranna agus áisíneachtaí Stáit eile. Níl aon phost sa Roinn daingnithe mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis, agus tá roinnt ball foirne a bhfuil ag an Roinn atá abalta déileáil le comhfhreagras agus ceisteanna i nGaeilge, más gá.

The total number of staff employed in my Department at 31 March 2016 is 280. A further 12 are on loan from other Departments and state agencies.

There are no posts in my Department to which Irish is necessary and there are a number of staff who have the competence to deal with correspondence and queries through Irish, as required.

Top
Share