Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (3, 4)

Éamon Ó Cuív

Question:

3. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Taoiseach cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5830/16]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

4. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Taoiseach an bhfuil sé mar dhualgas oifigiúil ar bhaill foirne aonair ar leith de chuid a Roinne seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d’aon duine a lorgaíonn í nó an ar bhonn deonach amháin a thoilíonn baill foirne a Roinne seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5846/16]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhireacha 3 agus 4 le chéile.

Faoi láthair, tá 196.9 ball foirne [coibhéis foirne lánaimseartha] ag oibriú i mo Roinn.

Aithníonn mo Roinn an tábhacht a bhaineann le líon baill foirne a bheith ann a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Thug roinnt baill foirne atá ag oibriú i mo Roinn le fios go bhfuil inniúlacht acu sa Ghaeilge agus go bhfuil siad inniúil a dhóthain chun seirbhís de mhéideanna éagsúla trí Ghaeilge a sholáthar do chustaiméirí. Go deimhin, luaitear i gCairt Chustaiméirí mo Roinne go bhfreastalófar ar chustaiméirí ar mian leo tabhairt faoina gcuid gnó trí Ghaeilge.

I gcomhréir le beartas an Rialtais, sonraítear i Scéim na dTeangacha Oifigiúla 2016-2019 de chuid mo Roinne (faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla) dhá Phost Shainithe Gaeilge i mo Roinn – ceann amháin i m’Oifig Phríobháideach agus ceann eile i bPreas-Oifig an Rialtais.

Tá an dá phost líonta faoi láthair.

Top
Share