Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (62)

Éamon Ó Cuív

Question:

62. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Tánaiste agus Aire Coimirce Sóisialaí cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5829/16]

View answer

Written answers

Ba é líon iomlán na foirne sa Roinn ar an 29/2/2016 ná 6927 duine (6524.35 post).

Tá mo Roinn tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon. Tháinig Scéim Ghaeilge na Roinne 2015 – 2018 i ngníomh ón 16 Márta 2015 agus beidh an Scéim i bhfeidhm go ceann tréimhse 3 bliana nó go dtí go ndaingneoidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Scéim nua. Leagtar amach sa Scéim seo tiomantais na Roinne ó thaobh na seirbhíse do chustaiméirí i nGaeilge agus tugtar comhairle ó thaobh na seirbhísí a bhíonn ar fáil trí Ghaeilge. Foilsítear an Scéim ar láithreán gréasáin na Roinne www.welfare.ie.

Faoi láthair tá an Roinn i mbun socruithe a dhéanamh chun trí fholúntas a líonadh inar gá ball foirne atá dátheangach a shannadh. Tá athbhreithniú ar siúl faoi láthair chun líon foriomlán na bpost dátheangach feidhmiúil a bhfuil gá leo sa Roinn a shocrú agus déanfar daoine a shannadh chun folúntais dhátheangacha a líonadh de réir mar a thiocfaidh na folúntais sin i gceist.

Top
Share