Skip to main content
Normal View

Tionscadail Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (628)

Éamon Ó Cuív

Question:

628. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a cheadófar togra tógála scoile (sonraí tugtha); cén chúis atá le moill a dhéanamh ó tharla tógálaí a bheith ceapaithe don obair; cén uair atáthar ag súil go mbeidh conraitheoir tógála ar an láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5356/16]

View answer

Written answers

Tá Scoil na bhForbacha sna céimeanna deiridh den phróiseas tairisceana le haghaidh Scoil nua 8 Seomra Ranga a chur ar fáil agus an foirgneamh atá ann faoi láthair a leagan. Cuireadh tuarascáil tairisceana don togra faoi bhráid na Roinne le déanaí agus tá measúnú á dhéanamh uirthi faoi láthair. Nuair a bheidh an measúnú curtha i gcrích déanfaidh an Roinn teagmháil le húdaráis na scoile maidir leis an togra a chur chun cinn a thuilleadh.

Top
Share