Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (762)

Éamon Ó Cuív

Question:

762. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe, i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile, mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5822/16]

View answer

Written answers

Tá 719 fostaithe i mo Roinn ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha, agus níl éinne acu i bpost atá ainmnithe le riachtanas Gaeilge. Mar chuid dá Phleanáil d’Fhórsa Saothair, rinne mo Roinn imscrúdú ar líon na bpost ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag teastáil. Fuarthas nach bhfuil poist den chineál sin sa Roinn, ag an am seo, agus dá bhrí sin níl aon phoist faoi leith ainmnithe le riachtanas dátheangach. Tá é seo tugtha le fios don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Mar chuid de phleanáil leanúnach d’fhórsa saothair, déantar monatóireacht agus athbhreithniú ar an gcás ar bhonn rialta.

Tá thart ar 26 ball foirne faoi láthair i mo Roinn atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus is féidir na baill seo a dhíriú chuig réimsí oibre faoi leith ina bhfuil gá le Gaeilge agus/nó Béarla nuair is gá. Leanfaidh mo Roinn ag soláthar deiseanna do bhaill foirne a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú trí oiliúint teanga ag leibhéil éagsúla a chur ar fáil.

Top
Share