Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (790)

Éamon Ó Cuív

Question:

790. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha cad é an líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéad duine acu siúd atá ag feidhmiú i bpoist atá daingnithe i scéim teanga nó ar aon bhealach eile mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé i gceist aon phoist eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5819/16]

View answer

Written answers

Seasann líon reatha na mball foirne i mo Roinn-se ar comhionann le 254 duine fostaithe go lán-aimseartha. Níl cumas Gaeilge inmhianaithe go sonrach in aon cheann de na bpoist seo. Mar sin féin, aithníonn mo Roinn an tábhacht a bhaineann le scileanna Gaeilge a bheith ar fáil don Roinn agus ceapadh beirt ball foirne le déanaí toisc Gaeilge a bheith ar a gcumas acu.

Top
Share