Skip to main content
Normal View

Scrúdú Náisiúnta Feithiclí

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (808)

Éamon Ó Cuív

Question:

808. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt cad iad na cineálacha feithiclí, a choinnítear go buan ar oileán, nach gá scrúdú náisiúnta feithiclí a dhéanamh orthu; cé na haicmí feithiclí atá i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5406/16]

View answer

Written answers

Baineann an Scrúdú Gluaisteán Náisiúnta le feithiclí a bhfuil gluaisithe faoi chumhacht mheicniúil agus a bhfuil ceithre roth ar a laghad acu, á n-úsáid acu le hiompar paisinéirí agus a bhfuil ocht suíochán acu ar an méid taobh amuigh den suíochán tiománaithe – AE catagóir M1.  Bíonn Feithiclí mar sin a bhíonn in úsáid ar oileáin amach ón gcósta díolmhaithe ón NCT, seachas sa chaoi ina n-úsáidtear iad mar fheithicilí seirbhíse poiblí.

Tuigtear dom nach bhfuil aon mhaolú ón tástáil mar gheall ar bhfeithiclí sna catagóirí M2, M3, N1, N2, N3, O3 agus 04 a bhíonn in úsáid ar oileáin amach ón  gcósta. Tá sonraí i dtaobh na catagóirí éagsúla seo ar fáil ar an suíomh idirlín RSA ag http://www.rsa.ie/en/RSA/Your-Vehicle/About-your-Vehicle/What-Category-is-my-vehicle/

Top
Share