Skip to main content
Normal View

Creimeadh Cósta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 April 2016

Wednesday, 6 April 2016

Questions (845)

Éamon Ó Cuív

Question:

845. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a cheadófar airgead creimthe cósta d’oileán Inis Meáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5407/16]

View answer

Written answers

Níl aon chiste ag mo Roinnse faoi láthair faoina bhféadfaí cuidiú leis an togra seo. Tuigtear do mo Roinn go dtagann an cúram seo i gcoitinne faoi Oifig na nOibreacha Poiblí.

Top
Share