Éamon Ó Cuív
Question:235. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cad é an líon comhaltaí nua a bhfuil Gaeilge acu agus a tugadh isteach i ngach babhta earcaíochta go dáta sa Gharda Síochána faoin socrú go mbeadh sruth ar leith earcaíochta ann do dhaoine le líofacht i nGaeilge agus a bheadh le cur ar dualgas i stáisiúin Ghaeltachta; cad é an líon comhaltaí acusan atá curtha ar dualgas faoin tráth seo sa Ghaeltacht agus cé na stáisiúin ina bhfuil siad lonnaithe; céard iad na céimeanna atá á nglacadh le gach duine de na hearcaigh sin a chur ar dualgas sa Ghaeltacht; cén uair a bheidh sé sin curtha i gcrích; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [7558/16]
View answer