Is faoi gach aon Institiúid Ardoideachais, OÉ Gaillimh san áireamh, atá sé a cúrsaí oibriúcháin féin a bhainistiú ó lá go lá mar chomhlacht reachtúil féinrialaitheach, acmhainní foirne agus folúntais a thagann chun cinn san Ollscoil ina measc sin.
Ó tugadh isteach an moratóir ar earcú don earnáil phoiblí, tá Creat Rialála Fostaíochta (ECF)ar bun i gcomhair earnáil an ardoideachais, lena dtugtar solúbthacht shuntasach d'institiúidí maidir le folúntais a líonadh, trí earcú nó trí ardú céime, faoi réir ag síleáil fhoriomlán post.
I gCáinaisnéis 2015, d'fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go gcuirfí deireadh leis na Creata Rialála Fostaíochta a bhí ann cheana, mar aon leis na moratóirí a bhí ag gabháil leo, agus go gcuirfí ina n-áit córas ceadaithe tharmligthe i gcomhair earcaithe agus ardaithe céime suas go dtí leibhéal Príomhoifigigh, ar an gcoinníoll go gcloífeadh Ranna le síleálacha pá ceangailteacha 3 bliana agus go gcomhlíonfaí na riachtanais Pleanála Fhórsa Oibre. I bhfianaise an fhógra seo, tá mo chuid oifigeach ag obair chun críche Creat nua a bheith ar bun acu d'earnáil an ardoideachais don bhliain acadúil 2016/2017.