Skip to main content
Normal View

Dolaí Bóthair

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 May 2016

Tuesday, 17 May 2016

Questions (1142)

Éamon Ó Cuív

Question:

1142. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an ndéanfaidh sé teagmháil le Bonneagar Iompair Éireann, TII, maidir leis an eolas a gealladh dom i bhfreagra ar Cheist Uimh. 518 den 20 Aibreán 2016 ó tharla nach ndearna Bonneagar Iompair Éireann, TII, teagmháil liom ó shin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10239/16]

View answer

Written answers

Is é mo thuiscint gur thug Bonneagar Iompair Éireann freagra ar an Teachta i bhfreagairt ar Cheist Uimh. 518 den 20 Aibreán 2016.  Bheinn buíoch díot dá ndéanfá teagmháil as seo amach le m'oifig phríobháideach muna bhfaigheann tú freagra laistigh de dheich lá oibre ó Cheisteanna Parlaiminte a chuirtear ar aghaidh chuig na heagraíochtaí atá faoi choimirce mo Roinne.

Top
Share