Is mian liom a chur in iúl don Teachta go gcuirfear Scéim na nOibreacha Samhraidh i bhfeidhm ar bhonn ilbhliantúil i gcomhair na mblianta 2016 agus 2017. Mar is eol don Teachta, b'fhéidir, fógraíodh sonraí faoi na hiarratasóirí ar éirigh leo faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh (2016-2017) ar 28ú Aibreán seo caite, agus tá na sonraí sin foilsithe ar shuíomh idirlín mo Roinne, www.education.ie.
Tá €30 milliún den €80 milliún a fógraíodh i gcomhair na Scéime ilbhliantúla (2016-2017) á leithdháileadh anois ar oibreacha ríthábhachtacha gáis agus ar uasghráduithe leictreacha i scoileanna. Áiríodh 197 bunscoil agus iar-bhunscoil sa chéad bhabhta d'iarratais ar éirigh leo.
Faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh 2016 agus 2017, i gcás iarratas bailí ó scoileanna nár baineadh amach, de bharr cúiseanna maoinithe, leis an mhaoiniú a cuireadh ar fáil in 2016, cáileoidh siad chun a measúnaithe chun críche maoinithe a bheidh ar fáil in 2017, faoi réir ag infhaighteacht fhoriomlán an mhaoinithe. Má tharlaíonn sé seo, beidh feidhm i gcónaí ag téarmaí agus coinníollacha na scéime de réir mar atá siad leagtha amach in Imlitir 0055/2015, a bhfuil fáil uirthi ar shuíomh idirlín mo Roinne, nuair a bheas maoiniú á leithdháileadh ar thionscadail dá leithéid.