Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Uisce

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 May 2016

Tuesday, 17 May 2016

Questions (400)

Éamon Ó Cuív

Question:

400. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an bhfuil sé i gceist aige cúnamh breise a chur ar fáil do ghrúpscéimeanna uisce agus do dhaoine a bhfuil toibreacha acu, chomh maith le daoine a bhfuil a gcóras coireála uisce féin acu, mar shampla, dabhcha séarachais, nuair a chuirfear na táillí uisce do dhaoine atá ag fáil a gcuid uisce agus seirbhísí séarachais ó Uisce Éireann ar ceal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10248/16]

View answer

Written answers

Tá gealltanas tugtha ag an Rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach laistigh de sé seachtaine chun muirir uisce tí a chur ar fionraí ar feadh tréimhse naoi mhí ó dheireadh na sraithe bhille reatha. Beidh sonraí na fionraí leagtha amach sa reachtaíocht ag am foilsithe. Ag an am chéanna, chun cothromas cóireála a chinntiú, beidh an fóirdheontas a bhí ar fáil do ghrúpscéimeanna Uisce curtha ar ais. Déanfar athbhreithniú ar leibhéal an deontais nuair atá cinneadh déanta ag an tOireachtas ar samhail maoinithe buaine d'Uisce Éireann.

Níl teaghlaigh a chuireann ar fáil a gcuid seirbhísí uisce féin, trí thoibreacha aonair nó chórais chóireála fuíolluisce tí, lena n-áirítear umair sheipteacha, áirithe mar chustaiméirí d’Uisce Éireann, agus níl táillí dlite orthu. Tá sé ar intinn ag an Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar na leibhéil deontais atá ar fáil do lucht grúpscéimeanna nua agus d'athchóiriú toibreacha príobháideacha.

Top
Share