Chuir an duine a ainmnítear tús lena gconradh faoin Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta (an SRCT) an 1 Samhain 2010. Eisíodh an íocaíocht do bhlianta 2010-2014 na Scéime. Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim agus scéimeanna eile íocaíochta limistéarbhunaithe, is gá seiceáil chuimsitheach riaracháin a chríochnú, cros-seiceálacha san áireamh leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún. Mar gheall go mbeidh a n-íocaíochtaí deiridh á bhfáil ag gach rannpháirtí san SRCT faoin scéim, críochnaíodh na hathsheiceálacha ar íocaíochtaí a rinneadh do gach bliain scéime sular próiseáladh an íocaíocht deiridh. D’aimsigh an tseiceáil seo neamhréireachtaí idir an méid a íocadh le haghaidh Cothabháil Balla Cloiche Traidisiúnta (CBCT) agus an méid atá le híoc, agus laghdaíodh an méid atá dlite don bhliain 2015, gearradh pionós, agus aisghabhadh na méideanna a íocadh do bhlianta 2010-2014 na scéime dá bharr. Chomh maith leis sin, gearradh pionós Traschomhlíonta 5%.
An méid atá Dlite don bhliain 2015 €2325.78
Asbhaintí iomlána €917.71
An íocaíocht atá dlite i ndiaidh na n-asbhaintí €1408.07
Eisíodh an íocaíocht deiridh a bhaineann le bliain 2015 na Scéime lúide na hasbhaintí a shonraítear thuas in dhá chuid. Íocadh 85%, arb ionann í agus suim €1059.21 an 29 Aibreán 2016 agus íocadh an fuílleach 15%, arb ionann í agus suim €348.86 an 3 Bealtaine 2016.