Mar is eol gan dabht don Teachta, áiríodh tionscadal tógála don scoil dá dtagraíonn sé sa Chlár Caipitil 6 Bliana de chuid mo Roinne a fógraíodh i mí na Samhna seo caite agus tá an tionscadal sin le dul chun tógála in 2019 - 2021.
Mar is eol, b'fhéidir, don Teachta, chuir an scoil i gceist moladh faoi bhráid go ndéanfaí an foirgneamh buan scoile a sheachadadh níos luaithe ná mar a leagadh amach sa Chlár Caipitil tríd an bhfoirgneamh a sheachadadh in 2 chéim. Ar an mholadh sin bheith breithnithe, cinneadh nach sásófaí na riachtanais de réir mar atá siad leagtha amach i gCáipéisí Treorach Teicniúla mo Roinne agus nach soláthrófaí an leibhéal cóiríochta a bheadh riachtanach do scoil 8 rangsheomra. Ina leith seo, cuireadh in iúl don údarás scoile nach bhféadfaí faomhadh a thabhairt don seachadadh céimnithe a bhí molta acu.
Ina dhiaidh sin, cuireadh le chéile an Sceideal Foriomlán Cóiríochta do scoil 8 rangsheomra agus ghlac an t-údarás scoile leis sin le déanaí. Is féidir leis an tionscadal dul ar aghaidh anois chuig an bpróiseas pleanála ailtireachta agus beidh mo Roinnse i dteagmháil leis an scoil arís go gairid maidir leis seo.