Skip to main content
Normal View

Foirne Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 May 2016

Tuesday, 24 May 2016

Questions (148)

Éamon Ó Cuív

Question:

148. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé sásta faomhadh a thabhairt láithreach do scoil chun cúntóir riachtanas speisialta a fhostú (sonraí tugtha) de bharr na moille agus na deacrachta a bhíonn ann do Ghaelscoileanna daoine le Gaeilge a fhostú do na poist seo agus an fíorghá atá ag an bpáiste atá i gceist leis an gcúntóir; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11311/16]

View answer

Written answers

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil méadú tar éis teacht ar líon na gCúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna) le blianta beaga anuas ó 10,575 post in 2011, go 12,040 suas go Meitheamh 2016. Sa tréimhse chéanna tá líon na leanaí a fhaigheann rochtain ar thacaíocht CRS tar éis fás ó thimpeall 22,000 go 30,000 faoi dheireadh 2015. Tugadh tacaíocht don mhéadú ar líon CRS trí mhéadú an-suntasach ar an mBuiséad do CRSanna, a d'ardaigh ó €332 milliún in 2011 go €402 milliún faoi dheireadh na bliana 2015. Seo leibhéal tacaíochta CRSanna níos airde ná a bhí ann riamh, rud a chinnteoidh go bhféadfaidh le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a bheith rannpháirteach san oideachas agus go bhfaighidh siad tacaíocht ar bhealach atá oiriúnach dá riachtanais. Tá an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) freagrach, trína líonra Eagraithe Riachtanais Speisialta Oideachais (SENOs) maidir le candam tacaíochta Cúntóir Riachtanais Speisialta a leithdháileadh go bliantúil ar gach scoil, agus riachtanais chúraim na leanaí atá rollaithe sa scoil agus atá i dteideal tacaíochta CRS, a chur san áireamh. Nuair atá riachtanais chúraim suntasacha ag leanaí, a chiallaíonn go bhféadfaidh go mbeidh tacaíocht bhreise ag teastáil uathu chun go mbeidh siad in ann freastal ar an scoil, féadfaidh NCSE tacaíocht CRS a leithdháileadh ar an scoil chun cabhair a thabhairt do na leanaí sin. Feidhmíonn an NCSE de réir critéir na Roinne maidir le leithdháileadh tacaíochta den sórt sin. Tá na critéir trína leithdháiltear tacaíocht CRS ar dhaltaí leagtha amach in Imlitir 0030/2014 mo Roinne.

Iarradh ar gach scoil iarratas a chur isteach ar thacaíocht CRS don bhliain scoile 2016/17 faoin 29 Feabhra 2016. Leanann NCSE ag glacadh le hiarratais agus fios acu go bhféadfaidh nár críochnaíodh rolluithe nó i gcásanna nuair nár críochnaíodh measúnaithe. Déanfaidh NCSE na hiarratais seo a mheas agus tabharfar leithdháiltí breise do scoileanna i ndáil le hiarratais bhailí a fuarthas roimh Mheán Fómhair. Cuirfidh NCSE a leithdháiltí tacaíochta CRS do 2016/17 in iúl do gach scoil roimh dheireadh na scoilbhliana reatha.

Tá mionsonraí teagmhála a SENO áitiúil ag gach scoil; féadfaidh tuismitheoirí dul i dteagmháil lena SENO go díreach chun riachtanais speisialta oideachais a leanaí a phlé, trí úsáid a bhaint as na mionsonraí teagmhála atá ar fáil ar www.ncse.ie.

Ó tharla go mbaineann cheist an Teachta le leithdháileadh tacaíochta CRS ag an NCSE do scoil aonair, tagraím an cheist don NCSE lena mbreithniú a dhéanamh agus freagra díreach a thabhairt don Teachta.

Top
Share