Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Thursday - 26 May 2016

Thursday, 26 May 2016

Questions (173)

Éamon Ó Cuív

Question:

173. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici an tairiscint don Aersheirbhís go dtí oileáin Árann a tharraingt siar agus a athfhógairt de bharr mhíshásamh phobal na n-oileán faoi ghnéithe den cháipéis tairisceana agus na táillí a bheidh ar oileánaigh san áireamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12287/16]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá próiseas tairisceana ar siúl maidir leis an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann le spriocdháta 17 Meitheamh 2016 chun tairiscintí bheith faighte. San idirlinn, tá gnéithe uile an cháis á scrúdú agam, ar a n-áirítear na cúinsí dlíthiúla agus soláthar.

Top
Share