Tá eolas maidir leis an líon scéimeanna teanga a daingníodh gach bliain ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm tugtha sa tábla thíos:
Bliain
|
Líon scéimeanna
|
2004
|
1
|
2005
|
22
|
2006
|
18
|
2007
|
29
|
2008
|
15
|
2009
|
22
|
2010
|
16
|
2011
|
1
|
2012
|
9
|
2013
|
16
|
2014
|
21
|
2015
|
21
|
2016 go dáta
|
7
|
Iomlán
|
198
|
Tugadh faomhadh i leith 198 scéim teanga ó tháinig an tAcht Teanga i bhfeidhm, idir chéad, dhara agus thríú scéimeanna. Mar is eol don Teachta, faoi réir alt 14(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, fanann scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta a ndaingnítear í nó go dtí go mbíonn scéim nua daingnithe, cibé acu is déanaí.
Is mian liom a mheabhrú don Teachta fosta go bhfuil sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá a n-ullmhú faoi láthair, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga www.coimisineir.ie.