Mar is eol don Teachta, tá spriocanna sonracha leagtha síos sa Chlár Rialtais maidir le: - Forfheidhmhiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge;
- Cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta;
- Páistí a spreagadh chun freastal ar réamhscoileanna lán-Ghaeilge nó ar naíonraí sa Ghaeltacht;
- Aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge mar theanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus céimeanna cuí a thógáil chun deireadh a chur leis an mhaolú; agus
- Infheistíocht sa Ghaeilge a mhéadú.
Ar ndóigh, tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge fite fuaite le gníomhaíochtaí mo Roinne thar na réimsí Gaeilge agus Gaeltachta go léir agus beidh sé mar chéad thosaíocht agamsa an Straitéis sin a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na páirtithe leasmhara. Maidir le cúrsaí buiséid, ní miste dom a mheabhrú don Teachta gur tríd an phróiseas Meastacháin agus Cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar an soláthar airgid don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ón Státchiste don bhliain 2017 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin níos déanaí i mbliana.