Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 May 2016

Tuesday, 31 May 2016

Questions (599)

Maurice Quinlivan

Question:

599. Deputy Maurice Quinlivan asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí na sonraí maidir leis an laghdú atá tagtha ar líon na bhfoirne i Roinn na Gaeltachta le deich mbliana anuas. [13191/16]

View answer

Written answers

Tá sé curtha in iúl dom go raibh 68 oifigeach sannta do Rannóg na Gaeilge/Gaeltachta nuair a bunaíodh mo Roinn ar an 2 Meitheamh 2011. Is é 53 an líon oifigeach atá sannta don Rannóg sin faoi láthair, idir Na Forbacha agus Baile Átha Cliath. Déantar athbhreithniú leanúnach ar an leibhéal foirne i bhfianaise riachtanais ghnó atá ag teacht chun cinn, mar atá le feiceáil i bpróiseas pleanála mo Roinne don fhórsa oibre.

Top
Share