Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 1 June 2016

Wednesday, 1 June 2016

Questions (47, 48)

Brendan Smith

Question:

47. Deputy Brendan Smith asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé na tosaíocthaí a bheidh aici i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta do théarma an Rialtais seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13311/16]

View answer

Carol Nolan

Question:

48. Deputy Carol Nolan asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhféadfadh sí léiriú a thabhairt ar an mbuiséad atá aontaithe aici don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don bhliain atá romhainn. [13270/16]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 47 agus 48 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, tá spriocanna sonracha leagtha síos sa Chlár Rialtais maidir le:

- Forfheidhmhiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge;

- Cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta;

- Páistí a spreagadh chun freastal ar réamhscoileanna lán-Ghaeilge nó ar naíonraí sa Ghaeltacht;

- Aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge mar theanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus céimeanna cuí a thógáil chun deireadh a chur leis an mhaolú; agus

- Infheistíocht sa Ghaeilge a mhéadú.

Ar ndóigh, tá an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge fite fuaite le gníomhaíochtaí mo Roinne thar na réimsí Gaeilge agus Gaeltachta go léir agus beidh sé mar chéad thosaíocht agamsa an Straitéis sin a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na páirtithe leasmhara.

Maidir le cúrsaí buiséid, ní miste dom a mheabhrú do na Teachtaí gur tríd an phróiseas Meastacháin agus Cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar an soláthar airgid don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ón Státchiste don bhliain 2017 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin níos déanaí i mbliana.

Top
Share