Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 8 June 2016

Wednesday, 8 June 2016

Questions (377)

Éamon Ó Cuív

Question:

377. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici Scéim na mBóithre Portaigh a athoscailt; má tá, cén uair a bheidh an scéim ag feidhmiú; cé mhéid airgid a bheidh á chur ar fáil aici faoin Scéim; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14247/16]

View answer

Written answers

Beidh cur i bhfeidhm córasach na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht ag croílár an Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta. Mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht déanfar pleananna teanga a ullmhú ag leibhéal an phobail. Agus pleananna teanga á n-ullmhú acu, déanfaidh na pobail riachtanais áitiúla a shainaithint agus tabharfaidh mo Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, tacaíocht do na hiarrachtaí sin ar gach uile shlí is féidir. Is sa chomhthéacs sin a dhéanfar scrúdú ar aon scéim Ghaeltachta atá le tabhairt isteach arís, lena n-áirítear Scéim na mBóithre Portaigh.

Top
Share