Skip to main content
Normal View

Cóiríocht Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 June 2016

Tuesday, 14 June 2016

Questions (182)

Pearse Doherty

Question:

182. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé ar an eolas faoin drochstaid ina bhfuil foirgneamh scoile i gcontae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) agus an easpa lóistín chuí atá ar áitreabh na scoile; an gcuirfidh sé maoiniú breise ar fáil ionas go bhféadfaidh an scoil na fadhbanna seo a shárú. [15329/16]

View answer

Written answers

Táim in ann a dheimhniú gur chuir an scoil dá dtagraíonn an Teachta iarratas isteach ar chóiríocht bhreise.

Tá an t-iarratas á measúnú faoi láthair agus cuirfear an cinneadh in iúl don údarás scoile a luaithe a bheidh an próiseas seo tugtha chun críche.

Top
Share