Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Dátheangacha

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 June 2016

Tuesday, 14 June 2016

Questions (553)

Éamon Ó Cuív

Question:

553. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhfuil sé i gceist aige maoiniú a chur ar fáil d’Iarnród Éireann le gur féidir leo dul ar aghaidh leis an bhforbairt bogearraí atá ag teastáil don Chóras Faisnéise do Chustaiméirí le go mbeidh ar a chumas aschur dátheangach a dhéanamh chomh luath agus is féidir ar na cláracha leictreonacha faisnéise mar a mhol an Coimisinéir Teanga an 19 Bealtaine 2010; cén chúis atá le gan an t-airgead a bheith curtha ar fáil go dtí seo d’Iarnród Éireann don chúram seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15315/16]

View answer

Written answers

Mar an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt táim freagrach as beartais agus maoiniú ar an iomlán maidir le hiompar poiblí. Ach, níl baint agam leis na gnóthaí laethúla de seirbhisí Iarnród Éireann nó lena tionscnaimh seirbhíse do chustaiméirí – is ábhair iad le haghaidh an comhlacht féin.

Dá bhrí sin, tá do litir curtha ar aghaidh agam chuig Iarnród Éireann, agus d’iarr mé orthu fiosrú a dhéanamh faoi seo agus freagra a chur chugat laistigh de thrí seachtaine.  Mura bhaigheann tú freagra taobh istigh den achar ama seo téigh i dteaghmháil liom arís faoi. 

Top
Share