Skip to main content
Normal View

Pátrúnacht Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 June 2016

Tuesday, 28 June 2016

Questions (139, 140)

Peadar Tóibín

Question:

139. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna cé mhéad scoileanna atá ag feidhmiú faoi na pátrúin éagsúla, faoi seach, le cúig bliana anuas. [18323/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

140. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna cad iad na torthaí ar na comórtais uile a bhain le pátrúnacht ar na scoileanna nua uile. [18324/16]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 139 and 140 together.

Faoi láthair tá 4,009 scoil in Éirinn, 3,286 bunscoil ar a n-áirítear 141 scoil speisialta, agus 723 iar-bhunscoil. Tá sonraí faoi na scoileanna seo agus faoin bpátrúnacht atá orthu le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne www.education.ie

Mar is eol gan dabht don Teachta, ó 2011 i leith is gnách nach mbunaítear scoileanna nua ach amháin i gceantair a bhfuil fás ag teacht ar an ndéimeagrafach iontu. Chun na críche seo, baineann mo Roinn leas as Córas Faisnéise Geografaí chun na ceantair ar fud na tíre a bhfuil méadú ag teacht ar an mbrú déimeagrafach orthu a shainaithint. Sa chóras seo úsáidtear raon foinsí sonraí chun bearta déimeagrafacha a chur i gcrích ar fud na tíre lena fháil amach cá bhfuil an gá le cóiríocht bhreise scoile ar leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile araon.

Ó 2011 i leith, uair ar bith a gcinntear go bhfuil gá le scoil nua chun freastal ar riachtanais dhéimeagrafacha i gceantar, reáchtálann mo Roinn próiseas pátrúnachta ar leithligh chun a chinneadh cé a bheas ag reáchtáil na scoile. Tá cead ag gach pátrún agus pátrún ionchasach iarratas a chur isteach ar phátrúnacht na scoile faoin bpróiseas seo. De réir na gcritéar a úsáidtear i leith pátrúnachta ar scoileanna nua, leagtar béim ar leith ar an éileamh ó na tuismitheoirí ar an iolrachas agus ar an éagsúlacht. Bíonn sainroghanna na dtuismitheoirí i ngach aon cheantar, mar aon le méid na héagsúlachta atá le fáil faoi láthair sa cheantar, mar bhunús ríthábhachtach leis na cinntí maidir le toradh an phróisis. Ina leith seo, ní mór do na pátrúin ionchasacha teimpléad sainroghanna tuismitheoirí a chur faoi bhráid in éineacht lena n-iarratas ina bhfuil iarrtha ar thuismitheoirí a sainrogha a dhearbhú i bhfabhar oideachas a bheith curtha ar a gclann de réir shamhail scoile an phátrúin sin. Osclaíodh 42 scoil nua faoin bpróiseas seo ó 2011 i leith (24 bunscoil agus 18 iar-bhunscoil) agus éiteas il-sainchreidmheach ag 39 díobh (23 bunscoil agus 16 iar-bhunscoil).

Mar eolas don Teachta, tá tábla leis seo ina bhfuil na scoileanna nua a osclaíodh ó 2011 i leith leagtha amach mar aon le sonraí a gcuid pátrún faoi seach.

Bunscoil

Uimhir Rolla

Ainm na Scoile

Pátrún

Éiteas

20382F

Gaelscoil na Mí

An Foras Pátrúnachta

Multi-denominational

20383H

Hansfield ETNS

Educate Together

Multi-denominational

20384J

Powerstown ETNS

Educate Together

Multi-denominational

20400E

Ballinteer Educate Together NS

Educate Together

Multi-denominational

20402I

City West Educate Together NS

Educate Together

Multi-denominational

20398U

Citywest & Saggart CNS

Dublin & Dún Laoghaire ETB

Multi-denominational

20394M

Gaelscoil an Chuillin

An Foras Pátrúnachta

Inter-denominational

20401G

Stepaside Educate Together NS

Educate Together

Multi-denominational

20396Q

Ashbourne Educate Together NS

Educate Together

Multi-denominational

20403K

Kildare Town Educate Together NS

Educate Together

Multi-denominational

20412L

Gaelscoil Teach Giúise

An Foras Pátrúnachta

Multi-denominational

20411J

Firhouse Educate Together NS

Educate Together

Multi-denominational

20425U

Gaelscoil Shliabh Rua

An Foras Pátrúnachta

Multi-denominational

20426W

Scoil Oscair

Dublin & Dun Laoghaire ETB

Multi-denominational

20413N

Douglas Rochestown Educate Together NS

Educate Together

Multi-denominational

20428D

Gaelscoil Mhic Aodha

An Foras Pátrúnachta

Multi-denominational

20422O

Scoil Aoife CNS

Dublin & Dún Laoghaire ETB

Multi-denominational

20440Q

Mallow CNS

Cork ETB

Multi-denominational

20410H

Knocknacarra Educate Together NS

Educate Together

Multi-denominational

20441S

Shellybanks Educate Together NS

Educate Together

Multi-denominational

20473I

Greystones CNS

Kildare & Wicklow ETB

Multidenominational

20462D

Galway Steiner NS

Lifeways Ireland Ltd (Steiner Model)

Multidenominational

20392I

Pelletstown/Ashtown Educate Together NS

Educate Together

Multidenominational

20442U

Scoil Chliodhna CNS Carrigtohill

Cork ETB

Multidenominational

Iar-bhunscoil

Uimhir Rolla

Ainm na Scoile

Pátrún

Éiteas

76127D

Gorey Community College

Waterford & Wexford ETB

Multi denominational

76213T

Lusk Community College

Dublin & Dún Laoghaire ETB

Multi denominational

76233C

Coláiste Bhaile Chláír

Galway & Roscommon ETB

Multi denominational

76096S

Merlin College, Doughiska

Galway & Roscommon ETB

Multi denominational

76173K

Coláiste na Mí

Louth & Meath ETB

Multi denominational

68101M

Hansfield Educate Together Secondary School

Educate Together

Multi denominational

68083N

Le Chéile Secondary School

Le Chéile Schools Trust

Catholic

76193Q

Maynooth Community College (Maynooth, Co. Kildare)

Kildare & Wicklow ETB

Multi denominational

91573N

Ballymakenny College

Joint patronage of Louth & Meath ETB and Educate Together

Multi denominational

76195U

Pobalcholáiste Chú Chulainn

Louth & Meath ETB

Multi denominational

76196W

De Lacy College

Louth & Meath ETB

Multi denominational

68082L

Coláiste Ghlór na Mara

An Foras Pátrúnachta

Multi denominational

68161H

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

An Foras Pátrúnachta

Multi denominational

68081J

Temple Carrig Secondary School

Archbishop of Dublin & Bishop of Glendalough

Church of Ireland

76152C

Kishoge Community College

Dublin & Dún Laoghaire ETB in partnership with Educate Together

Multi denominational

91614B

Community School Celbridge

Jointly Educate Together and Kildare and Wicklow ETB

Multi denominational

76273O

Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin

Cork ETB

Multi denominational

76194S

Naas Community College

Kildare & Wicklow ETB

Multi denominational

Top
Share