Tugtar mionsonraí sna ráitis tháblacha leis seo faoi na baill foirne a ceapadh sa Roinn seo le linn na tréimhse 12 mhí is deireanaí. Ceapadh ceathrar cigirí bunscoile agus ní mór dóibhsean bheith inniúil sa Ghaeilge chun dualgais an phoist a chomhlíonadh. Rinneadh ceithre cheapachán chun na Cigireachta Iar-bhunscoile. Ós rud é go bhfuil siad seo sainiúil don ábhar, tá inniúlacht sa Ghaeilge inmhianaithe seachas bheith mar inniúlacht riachtanach. Bhí an Ghaeilge mar inniúlacht inmhianaithe sa chomórtas earcaíochta do shíceolaithe oideachais freisin.
Tá na príomhghráid sa Roinn atá gafa le seirbhísí a sheachadadh do phobal na Gaeilge ag obair i réimsí na gcigireachtaí scoile agus na seirbhísí síceolaíochta oideachais a sholáthraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) do scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus do na Gaelscoileanna. Tá 24 síceolaí oideachais ag NEPS faoi láthair atá inniúil sa Ghaeilge agus a sheachadann a seirbhísí gairmiúla trí Ghaeilge.
Tá 51 Cigire i Rannán na Cigireachta Scoileanna ag an mbunleibhéal agus tá scoileanna a mhúineann an siollabas oideachais trí Ghaeilge mar chuid dá gceantar ag 48 díobh siúd. Tá scoileanna Gaeltachta mar chuid dá gceantar ag aon duine dhéag de na cigirí seo. Ag an leibhéal iar-bhunscoile is speisialtóirí i réimsí ábhair iad na cigirí ar an mór gcóir. Mar sin féin, cuireann an chigireacht iar-bhunscoile a seirbhísí ar fáil freisin do scoileanna a mhúineann an curaclam trí Ghaeilge. Faoi láthair, is leor an líon ball foirne gairmiúil atá inniúil sa Ghaeilge chun seirbhísí gairmiúla a sheachadadh do na scoileanna i gceist.
Ceapacháin neamh-riaracháin ó 30
ú
Meitheamh, 2016 go dáta
Síceolaí Oideachais
|
4
|
Síceolaí Oideachais Sealadach
|
2
|
Cigire Iar-bhunscoile
|
4
|
Roinnchigire Bunscoile
|
4
|
Tiománaí Sibhialtach (Ceapacháin Aire)
|
5
|
Cigire Luathbhlianta
|
9
|
Staitisteoir
|
1 (ar iasacht ón Lároifig Staidrimh)
|
Iniúchóir
|
1 (ar iasacht ó Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste)
|
Cuntasóir Grád 1
|
1
|
Suirbhéir Cainníochta Grád 1
|
1
|
Ceapacháin riaracháin ó 30
ú
Meitheamh, 2016 go dáta
Grád
|
Líon
|
Príomhoifigeach
|
1 (Painéal Oscailte PAS)
|
Príomhoifigeach Cúnta
|
3 (Painéal Idir-Rannach)
|
Oifigeach Riaracháin
|
3 (Painéal Oscailte PAS)
|
Ardoifigeach Feidhmiúcháin
|
1 (Áis Lárnach Iarratas)
|
Oifigeach Feidhmiúcháin
|
10 (5 ón Phainéal Oscailte PAS, 5 ón Phainéal Idir-Rannach)
|
Oifigeach Cléireachais
|
53 (46 ón Phainéal Oscailte PAS, 7 ón Áis Lárnach Iarratas nó trí aistriúcháin Duine-le-Duine ó Ranna eile)
|
Nóta: Ba státseirbhísigh cheana féin na baill foirne ar fad a ceapadh sa Roinn seo ó phainéil Idir-Rannacha, ón Áis Lárnach Iarratas, trí aistriúcháin Duine-le-Duine agus ar iasacht.