Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 July 2016

Wednesday, 6 July 2016

Questions (174)

Éamon Ó Cuív

Question:

174. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cén líon státseirbhíseach atá earcaithe le bliain anuas in a Roinn a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu; cén grád ar ar earcaíodh iad; cén líon iomlán státseirbhíseach a earcaíodh i rith an ama sin agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20446/16]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán le seirbhísí a sholáthar agus comhfhreagras a fhreagairt trí Ghaeilge nuair is gá. Léirigh iniúchadh den fhoireann i 2012 go raibh Gaeilge líofa nó ag ard-leibhéal ag 55 baill foirne i mo Roinn, agus d’fhógair 160 baill eile go raibh Gaeilge ag meán-leibhéal acu.

Earcaíodh 77 oifigigh ar an iomlán i mo Roinn sa tréimhse ón 30 Meitheamh 2015 – 30 Meitheamh 2016. D’eagraigh An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtais ina raibh sruth Ghaeilge speisialtóra san áireamh i gcomhair iarrthóirí le Gaeilge líofa agus d’earcaigh mo Roinn 1 Oifigeach Feidhmiúcháin agus 2 Oifigigh Cléireachais ó na comórtais seo, le feidhmiú mar Oifigeach Gaeilge na Roinne agus dár seirbhísí saoránach bunlíne in Oifig na bPasanna.

Moltar d’Oifigigh a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt ina gcuid ama féin, agus tá mo Roinn sásta tacaíocht agus maoiniú a thabhairt ina leith seo. I láthair na huaire, táimid ag tacú le 12 oifigigh le tabhairt faoi ranganna seachtracha i gConradh na Gaeilge agus i nGaelchultúr. Tugadh ceardlanna roimh-postála ag an Oifigeach Gaeilge d’Oifigigh a bheidh ag dul ar phostáil i mbliana.

Ó ceapadh Oifigeach Gaeilge na Roinne, cuireadh Coiste na Gaeilge nua le chéile, le 22 baill sa bhaile agus thar lear. Bhuail an Coiste leis an Aire Stáit Joe McHugh le cur chun cinn na Gaeilge amach anseo a phlé.

Top
Share