Earcaíodh 19 státseirbhíseach buan sa Roinn Cosanta sa tréimhse 12 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2016. Leagtar amach sa tábla thíos mionsonraí faoi ghráid na 19 bpearsanra sin.
Grád
|
Líon
|
Príomhoifigeach
|
2
|
Comhairleoir Dlí (comhionann le Príomhoifigeach Cúnta)
|
1
|
Ardoifigeach Feidhmiúcháin
|
2
|
Oifigeach Riaracháin
|
3
|
Oifigeach Feidhmiúcháin
|
4
|
Oifigeach Cléireachais
|
7
|
As na 19 bpearsanra a earcaíodh, ba bhaill foirne 11 díobh a aistríodh chuig an Roinn Cosanta ó oifig nó roinn rialtais eile agus b'iontrálaithe nua chuig an Státseirbhís 8 díobh. Chomh maith leis an 19 mball foirne buan a earcaíodh sa tréimhse 12 mhí, earcaíodh 6 phearsanra eile ar feadh tréimhsí sealadacha ó 3 go 12 mhí.
Níl aon phost sa Roinn Cosanta ina gcaithfidh pearsanra inniúlacht sa Ghaeilge a léiriú. Níl mórán caidrimh ag an Roinn leis an bpobal agus mar sin níl mórán éilimh ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge. Mar a fhoráiltear ina Scéimeanna Gaeilge reatha agus roimhe seo, baineann an Roinn úsáid as dream pearsanra a cuireadh le chéile ar bhonn deonach chun cabhrú le Brainsí na Roinne seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge agus chun freagra a thabhairt ar idirghníomhaíocht le custaiméirí más gá.
Tá seisear sa ghrúpa sin faoi láthair atá sásta cabhrú ar bhonn deonach le seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil agus is leor sin chun freastal ar riachtanais ina leith. Déantar athbhreithniú leanúnach ar an ngrúpa deonach seo.
I gcomhthéacs an mhéid sin, agus í ag earcú foirne le bliain anuas, níor shonraigh an Roinn gur gá do bhaill foirne scileanna sonracha a bheith acu i nGaeilge ná i mBéarla.