Skip to main content
Normal View

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 July 2016

Wednesday, 6 July 2016

Questions (57)

Éamon Ó Cuív

Question:

57. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cén líon státseirbhíseach atá earcaithe le bliain anuas in a Roinn a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu; cén grád ar ar earcaíodh iad; cén líón iomlán státseirbhíseach a earcaíodh i rith an ama sin agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19554/16]

View answer

Written answers

Le 12 mhí anuas fostaíodh 245 státseirbheach don Roinn. Bhí formhór na bhfostaithe seo don Oifig Náisiúnta Seirbhísí Comhroinnte agus an Oifig um Sholáthar Rialtais. Oibríonn an Roinn liosta de baill foirne sa Roinn atá ábalta cabhrú le aistriúcháin Ghaeilge agus sna 12 mhí anuas bhí 3 ball foirne nua curtha leis an liosta seo (2 Oifigeach Riaracháin agus 1 Oifigeach Feidhmiúcháin). Beidh a fhios ag an Teachta nach mbíonn an-chuid teangmháil ag foireann mo Roinn le baill den phobal.

Top
Share