Idir an 1 Meitheamh 2015 agus an 31 Bealtaine 2016, earcaíodh 16 ball foirne i mo Roinnse. Seo a leanas briseadh síos na ngrád:
6 Oifigeach Riaracháin;
1 Oifigeach Feidhmiúcháin;
7 Oifigeach Cléireachais; agus
2 bhall foirne Seirbhísí.
Tá caighdeán Gaeilge na hArdteistiméireachta ag 13 den 16 ball foirne a earcaíodh. Tá 1 duine amháin de na baill foirne sin ainmnithe mar oifigeach a labhróidh Gaeilge chun críocha seirbhísí do chustaiméirí.
Ba cheart a thabhairt ar aird gurb é an phríomhsprioc a bhaineann le hobair mo Roinnese ná déileáil leis an Rialtas agus le Ranna Rialtais is le hÁisíneachtaí Rialtais eile. Mar thoradh air sin, ní bhíonn mórán éilimh ón bpobal ar ár gcuid seirbhísí i nGaeilge.