Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 July 2016

Tuesday, 19 July 2016

Questions (545)

Éamon Ó Cuív

Question:

545. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá tógtha aici le mí anuas lena chinntiú go mbeidh seirbhís aeir ann chuig Oileáin Árann tar éis deireadh mhí Mheán Fómhair; cad é an dáta deiridh chun tairiscintí a chur isteach ar an tseirbhís; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22866/16]

View answer

Written answers

Mar a mhínigh mé don Teachta i sraith ceisteanna uaidh ar an ábhar seo agus go deireanach i mo fhreagra ar Cheist Tosaíochta Uimhir 3 ar 7 Iúil, tá an próiseas tairisceana don tseirbhís aeir ag leanúint ar aghaidh. Taobh le taobh leis an bpróiseas tairisceana do sheirbhís aeir, tá mo Roinn ag iarraidh teacht ar shocrú le húinéir Aerfort na Mine lena chinntiú go mbeidh rochtain ar an tsaoráid sin ar feadh tréimhse aon chonradh a eascróidh as an bpróiseas tairisceana. Tá fad curtha leis an spriocdháta do thairiscintí – suas go dtí 5 Lúnasa 2016 – chun deis a thabhairt teacht ar chomhaontú maidir leis an aerfort. Ar ndóigh, murar féidir teacht ar chomhaontú, ní bheidh ar chumas mo Roinne leanúint leis an bpróiseas tairisceana.

Top
Share