Skip to main content
Normal View

Earcaíocht san Earnáil Phoiblí

Dáil Éireann Debate, Friday - 16 September 2016

Friday, 16 September 2016

Questions (585)

Éamon Ó Cuív

Question:

585. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil ar eisíodh treoir chuig na húdaráis áitiúla á chur in iúl dóibh nach bhfuil an Ghaeilge riachtanach le haghaidh ceapachán leabharlannaí cúnta sna leabharlanna poiblí; ar tugadh aon treoir d’aon údarás áitiúil athfhógairt a dhéanamh ar phostanna dá leithéid a raibh Gaeilge agus Béarla luaite leo mar cháilíochtaí riachtanacha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24959/16]

View answer

Written answers

Bunaíodh grúpa oibre sa bhliain 2015 chun na cáilíochtaí do ghrádanna leabharlanna poiblí, idir proifisiúnta agus gan a bheith proifisiúnta, a hathbhreithniú. Ba iad baill an ghrúpa oibre ná oifigigh de chuid na Roinne Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil, Leabharlannaithe Contae ( atá ina gcomhaltaí den Chumann Leabharlanna na hÉireann), agus acmhainní daonna ó údaráis áitiúla éagsúla chomh maith le hionadaithe ón Aonad Forbartha Leabharlann (An Comhairle Leabharlanna mar a bhí) sa Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil. Ba é an t-aschur ón ngrúpa seo ná dréachtcháilíochtaí nuashonraithe, do gach grád leabharlainne, atá foilsithe anois ag an Aire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Aitiúil.

Léiríonn na cáilíochtaí nuashonraithe na hathruithe atá tarlaithe sa ghairm le fiche bliain anuas. Cuireann na cáilíochtaí nuashonraithe béim níos mó, don bhfoireann shinsearach i ngairm na leabhlarlannaíochta, ar scileanna bainistíochta maraon leis na grádanna proifisiúnta analógach. Léiríonn na cáilíochtaí freisin an struchtúr agus an chonair ghairme ó Ghrád 3 go dtí a 9, arís atá ar aon dul le na grádanna proifisiúnta analógach.

Níl sna cáilíochtaí nua an riachtanas a bhíodh ann i gcáilíochtaí roimhe seo don iarrthóir ráthúil bheith cumasach sa Ghaeilge. B’é an moladh ón ngrúpa oibre gur chruthaigh é seo bac iontrála neamhriachtanach dóibh siúd gan Gaeilge labhartha nó dóibh siúd nach raibh an deis acu an teanga a fhoghlaim.

Eisíodh na cáilíochtaí athbhreithnithe maidir le gach grád leabharlainne chuig gach údarás áitiúil agus tá siad éifeachtach ó 18 Iúil 2016. Is ceist í don údarás áitiúil cuí comórtais a reáchtáil chun poist a líonadh sa tseirbhís leabharlainne.

Top
Share