Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 4 October 2016

Tuesday, 4 October 2016

Questions (493)

Éamon Ó Cuív

Question:

493. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar deontas faoi scéim na limistéar faoi shrianta nádúrtha do 2016 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28084/16]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas ón duine ainmnithe faoin Scéim um Limistéir faoi Shrianta Nadúrtha 2016 ar 10 Bealtaine 2016. Próiseáladh an t-iarratas agus eisíodh íocaíocht faoin scéim díreach chuig cuntas bainc ainmnithe an duine ainmnithe.

Top
Share