Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 October 2016

Thursday, 6 October 2016

Questions (96)

Catherine Martin

Question:

96. D'fhiafraigh Deputy Catherine Martin den Aire Oideachais agus Scileanna cad é an plean atá ag a Roinn le dul i ngleic leis an ollfhadhb atá ann faoi láthair maidir le múinteoirí a sholáthar don Ghaelscolaíocht, go háirithe ar leibhéal na meánscolaíochta; an bhfuil iniúchadh déanta ag a Roinn ar an soláthar múinteoirí i ngach ábhar sna scoileanna a fheidhmíonn trí Ghaeilge ar an dara leibhéal chun na heasnaimh atá ann sna scoileanna faoi láthair agus a bheidh ann sa mheántéarma agus san fhadtéarma a aithint (agus an méadú a thiocfaidh ar líon na scoileanna agus ar líon na ndaltaí sna blianta atá romhainn á chur san áireamh); an bhfuil plean ag a Roinn le dul i ngleic leis na heasnaimh sin sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28965/16]

View answer

Written answers

Síleann mo Roinnse go bhfuil sé fíorthábhachtach dóthain múinteoirí a chur ar fáil i mbunscoileanna agus i meánscoileanna a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu, scoileanna Gaeilge san áireamh.   Tá iarrtha ag mo Roinn, dá réir sin, ar an gComhairle Mhúinteoireachta féachaint ar cheist sholáthar na múinteoirí le súil is go bhforbrófar modhanna réamhfhaisnéise níos fearr chun a chinntiú go mbeidh dóthain múinteoirí ann a bhfuil na cáilíochtaí riachtanacha acu.  Tá a cuid comhairle agus a tuairisc curtha ar fáil ag an gComhairle, agus tá moltaí na tuairisce á meas faoi láthair ag an Roinn agus é ar intinn acu iad a chur i bhfeidhm más cuí.

Tugadh an Teachta ar aird freisin go bhfuil tiomantas déanta agam sa Phlean Gnímh don Oideachas, a foilsíodh le gairid, Beartas maidir le hOideachas Gaeltachta a fhoilsiú go luath, rud a mhúnlóidh beartais eile sa réimse seo amach anseo.

Top
Share