Skip to main content
Normal View

Cáilíochtaí Aistriúcháin

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 October 2016

Thursday, 6 October 2016

Questions (98)

Catherine Martin

Question:

98. D'fhiafraigh Deputy Catherine Martin den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth a síleann sé gur leor bunchéim sa Ghaeilge chun obair aistriúcháin a dhéanamh ar son an Stáit, agus cén fáth nár mhaith leis go mbeadh cáilíocht chreidiúnaithe ó Fhoras na Gaeilge, a fhaigheann maoiniú ón Stát, de dhíth ar aistritheoirí chun a léiriú gur féidir leo aistriúchán ar ardchaighdeán a dhéanamh, cé go bhfuil ag éirí go maith leis an chóras seo faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28967/16]

View answer

Written answers

Tuigtear dom go mbaineann an cheist seo leis an gcreat do sheirbhísí aistriúcháin Ghaeilge a sholáthar don Roinn Oideachais agus Scileanna. Sonraíodh na cáilíochtaí phroifisiúnta íosta chun bheith páirteach sa chreat tar éis dul i gcomhairle le hOifig Phríomh-Aturnae an Stáit agus comhlíonann siad beartas um sholáthar poiblí.  I gcomhréir le prionsabal na cothroime sa phróiseas soláthair, b’iad  na cáilíochtaí phroifisiúnta íosta a sonraíodh ná cáilíocht iarchéime in aistriúchán na Gaeilge, creidiúnú mar aistritheoir Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge nó a choibhéis agus bunchéim céad onóracha nó dara honóracha ar a laghad dá raibh an Nua-Ghaeilge mar chomhpháirt lárnach nó a coibhéis. Ní mór ceann amháin ar a laghad de na cáilíochtaí phroifisiúnta íosta sonraithe a bheith ag ball den chreat. Tá an séala creidiúnaithe d’áistritheoirí ó Fhoras na Gaeilge ag gach ball de chreat na Roinne, chomh maith le hiliomad cáilíochtaí eile a bhaineann le haistriúchán na Gaeilge.

Top
Share