Ceapadh Coiste neamhspleách in 2015 chun athbhreithniú a dhéanamh ar shocruithe rialtais áitiúil i gcathair agus i gcontae Chorcaí, go háirithe athbhreithniú a dhéanamh ar teorainn na gcathrach, agus moltaí a dhéanamh maidir le cibé ar chóir an teorainn a athrú nó ar chóir Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairle Contae Chorcaí a aontú. Chuir an coiste a thuarisc ar fáil ar 2 Meán Fómhair 2015. Bhí tuairisc mionlaigh cuimsithe sa tuarascáil fhoriomlán.
Bhí an dá thuarascáil comhaontaithe nach bhféidir cúrsaí a fhágail mar atá, ach bhí difríocht maidir leis an cúrsa gníomhaíochta a bhí molta sna tuariscail.
Cuirfear an cheist chun tosaigh mar chuid de chláir athchóirithe an rialtais áitiúil atá luaite sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, tá grúpa saineolaithe curtha ar bun agam chun comhairle a thabhairt dom ar na roghanna atá ar fáil maidir le socruithe rialtais áitiúil sa todhchaí i gCorcaigh, chun comhaontu a thógáil agus chun aghaidh a thabhairt ar na chéad chéimeanna eile atá i gceist chun leasa mhuintir na cathrach Chorcaí agus contae araon.