Skip to main content
Normal View

Coimisiún na Teorann

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 October 2016

Tuesday, 11 October 2016

Questions (206)

Donnchadh Ó Laoghaire

Question:

206. D'fhiafraigh Deputy Donnchadh Ó Laoghaire den Aire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil an bhfuil sé ar intinn aige Coimisiún a chur ar bun chun teorainneacha na ndáilcheantar a scrúdú agus a athbhreithniú roimh an gcéad olltoghchán eile, agus má tá, an féidir leis amscála a thabhairt maidir leis an obair sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29216/16]

View answer

Written answers

Díreach tar éis don Phríomh-Oifig Staidrimh réamhthorthaí Dhaonáireamh 2016 a fhoilsiú ar an 14 Iúil 2016, agus de réir fhorálacha an Achta Toghcháin 1997, rinne mise Ordú a bhunaigh Coimisiún um Thoghlaigh chun dáilcheantair Dhála agus toghlaigh Pharlaimint na hEorpa a athbhreithniú.

Is é feidhm an Choimisiúin um Thoghlaigh tuarascáil a thabhairt maidir leis na dáilcheantair do thoghadh comhaltaí na Dála agus comhaltaí Pharlaimint na hEorpa, agus aird á thabhairt ar Airteagal 16 den Bhunreacht agus ar na téarmaí tagartha atá leagtha amach in alt 6(2) den Acht Toghcháin 1997.

Tá sé de cheangal ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt do Chathaoirleach na Dála tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don Phríomh-Oifig Staidrimh torthaí deiridh an Daonáirimh a fhoilsiú agus táthar ag súil le foilsiú na dtorthaí sin i mí an Mhárta 2017.

Question No. 207 answered with Question No. 205.
Top
Share