Is oth liom gur i mBéarla a freagraíodh an Cheist ar thagair an Teachta di. Tá an freagra i nGaeilge leagtha amach sa ráiteas táblach atá faoi iamh leis seo.
Chun a fhiafraí den Aire Coimirce Sóisialaí cad chuige nach bhfuil scoil i gcontae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) páirteach i Scéim na mBéilí Scoile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.
Cuireann clár na mbéilí scoile maoiniú ar fáil chun seirbhísí bia a sholáthar do scoileanna agus d’eagraíochtaí, rud a théann chun tairbhe do bhreis agus 200,000 leanbh ar chostas iomlán €42 mhilliún sa bhliain 2016. Is é is cuspóir leis an scéim ná bia cothaitheach rialta a chur ar fáil do leanaí nach mbíonn in ann leas iomlán a bhaint as an oideachas a sholáthraítear dóibh, de dheasca easpa bia ardchaighdeáin.
Tá tosaíocht ó thaobh na n-iarratas nua ar an mhaoiniú tugtha do scoileanna atá mar chuid de thionscnamh na Roinne Oideachais agus Scileanna do scoileanna faoi mhíbhuntáiste “An Comhionannas Deise sna Scoileanna a Sheachadadh” (DEIS) i gcomhréir le Creatlach an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga, Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile.
Níl an scoil ar thagair an Teachta di sainithe mar scoil a bhfuil stádas DEIS aici agus is oth liom nach féidir aon mhaoiniú a chur ar fáil ag an tráth seo. Ní féidir síneadh le haon scéim atá á riar ag mo Roinn a bhreithniú ach i gcomhthéacs buiséadach.
Tá súil agam go soiléiríonn sé seo an scéal don Teachta.