Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 October 2016

Tuesday, 11 October 2016

Questions (331)

Peadar Tóibín

Question:

331. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil sí sásta bualadh le heagraíochtaí Gaeilge, go háirithe Conradh na Gaeilge atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge, foras trasteorann a bhaineann leis an Stát, chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29260/16]

View answer

Written answers

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go raibh cruinniú agam féin agus ag an Aire Humphreys le Conradh na Gaeilge ar 5 Deireadh Fomháir 2016.

Ar ndóigh, mar Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air, casaim le hionadaithe na heagraíochta ar ócáidí éagsúla ó thráth go chéile. Tá mé ag súil le cruinniú eile a shocrú leis an gConradh go luath.

Top
Share