Mar is eol don Teachta, tá deontas gur fiú €508,989 in iomlán ceadaithe agam do Mhuintearas Teo don scoilbhliain 2016/17 le cumasú dóibh beartais Scéim na gCúntóirí Teanga a chur i bhfeidhm thar ceann mo Roinne i nDún na nGall, i gceantar an Iarthair agus i gCo na Mí. Ní raibh aon ghearradh siar déanta san allúntas sin ar an mhaoiniú don obair a dhéanann na cúntóirí féin ach ní raibh costais riaracháin clúdaithe ann.
Tuigtear anois ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé i gceist iniúchadh a dhéanamh láithreach ar struchtúr, maoiniú agus feidhmeanna Mhuintearas Teo, fochuideachta de chuid an Údaráis. Sa chomhthéacs sin, tá cinneadh déanta agam airgead riaracháin a íoc faoi Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2016-17 agus beidh socraithe cuí chuige sin á chur i bhfeidhm láithreach.
Maidir le ceist na scoileanna breise atá luaite ag an Teachta, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne moltaí ina thaobh sin a chur faoi mo bhráid go luath.