Skip to main content
Normal View

Fostaíocht sa Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 October 2016

Tuesday, 11 October 2016

Questions (338)

Éamon Ó Cuív

Question:

338. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cé na socruithe atá déanta maidir le baill foirne a earcú chun an t-ionad nua oidhreachta atá á thógáil i Ros Muc a reáchtáil, an mbeidh na fostaithe atá ann cheana fostaithe san ionad nua, cá mhéad ball foirne a bheidh ann, an mbeidh an t-ionad ar oscailt i rith na bliana ar fad; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29820/16]

View answer

Written answers

I dtús báire, tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuilim ag súil go mbeidh an obair ar an ionad nua críochnaithe faoi dheireadh na míosa seo. Tá na ceisteanna atá ardaithe ag an Teachta á gcíoradh ag na páirtithe leasmhara faoi láthair.

Top
Share