Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2016

Thursday, 13 October 2016

Questions (102, 103, 104)

Peadar Tóibín

Question:

102. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cad é an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair ina Roinn. [30073/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

103. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an bhfuil sprioc leagtha amach maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge a bheith ag obair sa Roinn de réir reachtaíochta agus an bhfuil an sprioc sin bainte amach go fóill. [30088/16]

View answer

Peadar Tóibín

Question:

104. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an bhfuil beartas earcaíochta faoi leith i bhfeidhm chun aon chuóta maidir le líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge, má tá a leithéid ann, a bhaint amach. [30103/16]

View answer

Written answers

Molaim Ceisteanna Uimh. 102 go 104, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Tá mo Roinn tiomanta go hiomlán le seirbhísí a sholáthar agus comhfhreagras a fhreagairt trí Ghaeilge nuair is gá. Léirigh iniúchadh den fhoireann in 2012 go raibh Gaeilge líofa nó ag ard-leibhéal ag 55 baill foirne i mo Roinn, agus d’fhógair 160 baill eile go raibh Gaeilge ag meán-leibhéal acu.

Tá beartas earcaíochta mo Roinne mar gheall ar an líon daoine a bhfuil cumas feidhmeach acu sa Ghaeilge agus atá ag obair sa Roinn leagtha amach inár Scéim Teanga. Faoin Scéim sin, rinne mo Roinn gealltanas le triúr Oifigeach le scileanna líofa Gaeilge a earcú roimh dheireadh 2017.

Tá áthas orm a rá go bhfuil ár sprioc de thriúr Oifigeach le líofacht sa Ghaeilge a earcú bainte amach againn cheana féin. Tá duine amháin ceaptha mar Oifigeach Gaeilge na Roinne agus beirt eile inár seirbhísí saoránach bunlíne in Oifig na bPasanna.

Top
Share